Ainm: | Eddie Johnny Neddy Ó hEarcáin | |
Áit Chónaithe: | An Sruthán, An Fál Carrach |
Áit Dúchais: | An Sruthán, An Fál Carrach |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Imirce |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Imirce go hAlbain. Bhí a dheartháir sa bhaile le obair an talaimh a dhéanamh. Chuaigh a dheartháir go Londain. Chuaigh Eddie é féin go hAlbain in 1952. Bhí a dheartháir leis ach ní raibh siad i bhfad thall nuair a fuair a uncail bás. An lá a d’imigh sé. Bhí achan duine ag imeacht san am. Ní raibh obair ar bith sa bhaile agus ní raibh siad abalta an ‘dole’ a fháil sa tsamhradh. Suas go East Lothian a chuaigh siad go dtí na feirmeacha. D’oibir siad orthu sin. Fuair sé lóistín ag uncail dena athair nuair a chuaigh sé anonn ar dtús agus bhí ádh air i gcónaí ó thaobh oibre. Bhí sé ábalta go leor a fháil. Bhí léir as Gaoth Dobhair thall fosta. Bhí sé ag fanacht sna bothaí ar na feirmeacha fosta. An obair a bhí se ag déanamh. Bhí siad ag baint phreátaí, bhí ‘squads’ ann ag toghadh na bpréataí. Bhí obair mhaslach go leor ann. Pá de £15 sa choicís a bhí aige ar dtús agus ansin chuaigh sé suas go £20. Cur síos ar an obair. | 00:10:04 | |
An turas ar bhád Dhoire a bhíodh ag seoladh anonn go hAlbain. Dár le Eddie nár chóir di a bheith ar an bhealach ar chorr ar bith. Ghlacadh sí 7 nó 8 uair an chloig ag déanamh an turais. Bhíodh eallach ar an bhád fosta. Bhíodh an bád garbh go leor agus is iomaí duine a bhíodh tinn uirthi. | 00:03:05 | |